Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi bhás fir a bhfuarthas a chorp i dteach a chuaigh trí thine i dTiobraid Árann.

Tharla an tine sa teach in Ascaill Mhichíl i mbaile Thiobraid Árann roimh 5 a chlog ar maidin. 

Tháinig lucht dóiteáin ar chorp an fhir, a bhí os cionn 30 bliain d'aois, tar éis dóibh an tine a cheansú. 

Tuigtear nár gortaíodh aon duine eile. 

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar an teach.