Dúirt uachtarán Chumann na Meánmhúinteoirí Ann Piggott go nglacann sí leis faoi láthair go n-oscóidh na scoileanna arís nuair a bheas an briseadh lár téarma caite.

Ina dhiaidh sin féin, a dúirt sí, tá muinteoirí eaglach faoi chúrsaí sláinte sna scoileanna i bhfianaise na géarchéime Covid-19. 

Ag labhairt di ar RTÉ, thug Ann Piggott le fios gur mhian le múinteoirí go n-osclódh na scoileanna arís ar bhealach sábháilte. 

Tá cainteanna ar bun ag ceardchumainn na múinteoirí le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláine agus leis an Roinn Oideachais faoin gceist agus tá córas nua rianaithe teagmhála le cur i bhfeidhm i scoileanna ón Luan seo chugainn. 

Dúirt Ann Piggott chomh maith gur mhian le múinteoirí níos mó eolais a bheith acu ar an measúnú riosca sláinte poiblí a dhéantar nuair a thuairiscítear cás Covid-19 i scoil. 

Mhaígh sí nach gcuirtear dóthain eolais ar fáil do mhúinteoirí agus nach mbíonn acu go minic ach scéal scéil.