Tá scrúdú iarbháis fós le déanamh ar chorp duine den triúr - athair agus beirt mhac - a lámhachadh agus a maraíodh ar fheirm in aice le Ceann Toirc i gCo Chorcaí inné. Críochnaíodh an dá scrúdú iarbháis eile tráthnóna.

Maraíodh Tadhg O'Sullivan, 59 bliain d'aois, agus a bheirt mhac, Mark agus Diarmuid, a bhí 26 agus 22, ar fheirm an teaghlaigh in Áth Solas.

Fuair na Gardaí corp an mhic is óige, Diarmuid, i seomra codlata i dteach cónaithe an teaghlaigh i dtosach. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig siad ar choirp na beirte eile i bpáirc 500 méadar ón teach. 

Fuarthas dhá raidhfil agus gránghunna ar an láthair chomh maith.

Tuigtear go bhfuil na Gardaí den bharúil gur dúnmharaíodh beirt acu agus gur chuir an duine eile lámh ina bhás féin.

Tá na Gardaí ag fiosrú ar aighneas faoi thalamh a fhágáil le huacht údar an oilc. 

Tá scrúduithe dlí-eolaíochta á ndéanamh ar an láthair arís inniu ag Gardaí ón mBiúró Teicniúil. 

Chríochnaigh Diarmuid O'Sullivan cúrsa cuntasaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí i mí an Mheithimh agus bhí céim chéadonóracha le bronnadh air an tseachtain seo chugainn. 

Dúirt urlabhraí ón gcoláiste an Dr Dan Collins go raibh gach duine san áit suaite go mór ag an tragóid.

Dúirt urlabhraí ó Chumann Lúthchleas Gael Chaisleán an Mhaignéaraigh - ar imir Mark agus Diarmuid dóibh - go ndéanfaidís gach arbh fhéidir leo le cuidiú lena máthair Ann O'Sullivan.