Bhí agóid ar siúl inniu i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath inniu, in aghaidh an Bhille ar Árais Mháithreacha agus Naíonán.

Tá go leor conspóide ag baint leis an mbille úd.

Deir lucht eagraithe na hagóide inniu, go gcuirfidh sé bac ar dhaoine eolas a fháil faoina gcúlra féin.

An tUachtarán, Michael D. Higgins

Ach dúirt an tUachtarán, Michael D. Higgins, a shínigh an bille aréir nach bhfuil an bille mí-bhunreachtúil.