Tá triúr breise básaithe le 24 uair a' chloig le covid 19 sa stát.

Tá 939 cás eile den aicíd atá deimhnithe de réir na bhfigiúiri is deireanaí ón Roinn Sláinte a foilsíodh tráthnóna.

San iomlán, tá 1,885 duine básaithe ag Covid-19 anois sa stát ó thús na paindéime anseo san Earrach seo caite. 

Tuairiscítear freisin go bhfuil an líon duine, atá san ospidéal anois de bharr an choróinvíris, níos airde ná a bhí le 5 mhí anuas.

Tá cúigear eile básaithe freisin i dTuaisceart Éireann le 24 uair a' chloig anuas ag an víreas marfach seo.