Tá na gardaí ag glacadh gur dúnmharaiodh beirt, agus gur chuir an tríú duine lámh ina bhás fhein san eachtra thruamhéalach a tharla in aice le Ceann Tuirc i gCo. Chorcaí moch maidin inniu.

Maraíodh athair (59) agus a bheirt mhac (22 agus 24) san eachtra lámhaigh sin ar fheirm.

Fuarthas 2 raidhfil agus gránghunna ar an láthair.

Tugadh scéala do na gardai faoin scéal thart ar 7.00 a.m, tar éis do bhean os cionn 60 bliain a bhí sa teach, dul go dtí na comharsan ag iarraidh cúnamh.

Léigear an Gharda Síochána le cúnamh ó sheirbhísí eile níos túisce sa ló

Deir na gardaí nach bhfuil aon duine eile á lorg acu i dtaca leis an eachtra seo.

Tá an fiosrúchán lárnaithe i Stáisiún na nGardaí i gCeann Tuirc, atá suite thart ar 30 míle siar ó thuaidh de Chathair Chorcaí.

Scrúdóidh Leas Phaiteolaí an Stáit, An Dr.Margot Bolster, na coirp níos deireanaí.