Tá sé deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil seachtar eile tar éis bháis agus tá 777 cás nua de Covid-19 sa tír. 

55,261 cás ar fad atá sa Stát anois ó thosaigh an ráig den víreas. 

1,878 duine atá tar éis bháis go dtí seo. 

Tá 319 othar san ospidéál agus tá 37 duine in aonaid dianchúraim. 

Tá 182 cás nua i mBaile Átha Cliath, 81 i nGaillimh, 44 i Loch Garman, 42 i gContae na Mí agus 41 cás nua i gCorcaigh. 

Tá an 387 cás eile a tuairiscíodh inniu scaipthe ar fud 21 contae.

Tá dhá thriain de chásanna an lae inniu i measc daoine atá faoi bhun 45 bliain d'aois.