Tá reachtaíocht nua a thabharfaidh cumhacht do Ghardaí fíneálacha a ghearradh ar dhaoine a sháraíonn rialacha Covid-19 ceadaithe sa Dáil tráthnóna in iarracht stop a chur le scaipeadh an choróinvíris.

Idir an dá linn, tá cosaint déanta ag Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris ar na Gardaí a bhí ar dualgas le linn agóide i mBleá Cliath inné.

Tabharfaidh an bille nua an chumhacht do Ghardaí fíneálacha a ghearradh ar dhaoine nach gcaitheann mascanna agus a sháraíonn an teorainn taistil 5 chiliméadair.

Beidh Gardaí abálta dul chuig teach ina bhfuil cóisir tí ar siúl agus fíneáil a ghearradh ar an áitritheoir, cé nach mbeadh siad abálta dul isteach sa teach.

Tá an tAire Sláinte ag lorg beannacht an fhreasúra chun reachtaíocht a dhréachtú cé nach bhfuil a fhios againn go fóill cén fíneálacha a ghearrfar agus cén beartais a bheadh i bhfeidhm lena chinntiú nach dtéann sí thar fóir, a dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin, David Cullinane.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Alan Kelly gur go drogallach a thacódh sé leis an reachtaíocht agus go gcaithfí deis a thabhairt don Dáil í a mheas sula dtagann sí i bhfeidhm.

Daoine bochta, go háirithe, a bheidh buailte ag na fíneálacha, a dúirt Bríd Smith ó Phobal Seachas Brábus.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly nach mbainfear leas as na cumhachtaí úra ach amháin nuair a théann an chúis go cnámh na huillinne.

Meastar nach dtiocfaidh na beartais i bhfeidhm go dtí deireadh na seachtaine seo chugainn.

Idir an dá linn, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris inniu go leanfaidh Gardaí orthu ag cur daoine ar an eolas agus á ngríosú cloí leis na rialacha agus go bhfuil siad ag fanacht ar sceideal na bhfíneálacha ón Rialtas.

Dúirt sé nach raibh Gardaí a bhí ar dualgas le linn agóidí i mBaile Átha Cliath inné ró gharbh.

Gabhadh 11 duine ar Shráid Grafton aréir agus cúisíodh naonúr agus dúirt Drew Harris gurb é an aidhm a bhí ag na léirsitheoirí ná cur isteach ar ghnóanna agus obair an Rialtais.