Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil ráig den víreas Covid-19 in ionad cúraim do dhaoine aosta i dTuaisceart Chontae Mhaigh Eo. 

Tá foireann ón bhFeidhmeannacht curtha go dtí an t-ionad chun tacú leis an bhfoireann agus le bainistíocht na háite. 

Tuigtear go bhfuil an víreas ar roinnt áitritheoirí agus ar roinnt den bhfoireann oibre chomh maith. 

Inné deimhníodh go raibh ráig de Covid-19 i dteach altranais Nightingale in Áth Easrach in oirthear chontae na Gaillimhe.