Tá sé fógartha go bhfuil cúigear eile tar éis bháis le Covid-19 i dTuaisceart Éireann le 24 uair an chloig anuas agus tá 1,252 cás nua de Covid-19 ann.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil 639 duine ar fad atá tar éis bháis sa Tuaisceart anois go dtí seo. 

Dúirt Roinn Sláinte an Tuaiscirt gur aithníodh 1,252 cás nua as an 5,274 tastáil is déanaí a déanadh ar dhaoine. 

32,286 cás ar fad atá sa Tuaisceart anois go dtí seo - 6,893 acu sin le 7 lá anuas. 

Tá 296 duine san Ospidéal le Covid-19 agus 34 duine in aonaid dianchúraim leis an víreas. 

Léiríonn na figiúirí is déanaí chomh maith go raibh 608 cás den víreas i scoileanna sa Tuaisceart.