Tá an coirpeach cáiliúil as Éirinn John Gilligan gafa ag poilíní sa Spáinn. Gabhadh é i ndiaidh do phoilíní teacht ar dhrugaí agus gunna láimhe ag áitreabh i reigiún Costa Blanca na Spáinne.

Ciontaíodh Gilligan roimhe seo i ngníomhaíochtaí gáinneála ar dhrugaí. Gabhadh é linn fiosrúcháin a bhí ar bun maidir le buíon choiriúil a bhí ag seoladh marijuana agus drugaí ar oideas ón Spáinn chun na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe. 

I 1996 fuarthas John Gilligan neamhchiontach i ndúnmharú an iriseora Veronica Guerin ach chaith sé 17 bliain sa phríosún mar gheall ar ghníomhaíochtaí gáinneála ar dhrugaí.