Tá an t-údar Brian Ó Baoill in Indreabhán i gCo na Gaillimhe ina chónaí leis féin ó b'éigean cúram tí altranais lánaimseartha a chur ar a bhean chéíle Beití.

Ó thoisigh an dianghlasáil i mí an Mhárta, tá Brian faoi chomaoin mhór ag a chomharsana agus a chairde a dhéanann an tsiopadóireacht ar a shon. 

Ach thar rud ar bith eile, tá sé as cuimse buíoch do chomharsa amháin dá chuid, Deborah, a théann ar cuairt chuige dhá uair sa tseachtain lena comhrá a dhéanamh leis. 

"Sin an phríomh-dheacracht - a bheith i mo chónaí liom féin," a deir Brian, "mar níl aon chleachtadh agam air. Tá Beití tinn agus tá mo chlann ina gcónaí i bhfad uaim idir Dún na nGall, Maigh Eo agus Ciarraí.

Ach tá an t-ádh liom sa mhéid go mbíonn Deborah ag teacht cupla uair sa tseachtain agus suíonn sí síos ag caint liom. Sin an t-aon teagmháil dhaonna atá agam ar chor ar bith."

Fáilte ghnaíúil roimh Deborah

Is fear neamhspleách é Brian agus dúil mhór aige ina chuid scríbhneoireachta.

"Níl mé ag iarraidh go mbeadh na sluaite ag teacht isteach ach oiread, mar bím ag scríobh," a dúirt sé.

Nuair a labhair muid leis inniu, bhí Brian díreach i ndiaidh a 35ú leabhar a chur chun bealaigh sa phost chuig na foilsitheoirí. 

"Níl aon rud ag teastáil uaim, seachas mo chuid siopadóireachta a chuireann mo chairde ar fáil dom. Ach tá an t-ádh liom go bhfuil mo chomharsanaí agam. Tá scór duine a chuir a n-ainm ar liosta dom atá ar fáil le jabanna beaga a dhéanamh ar mo shon."

Ach tuigeann Brian an tábhacht a bhaineann leis na "bolgáin thacaíochta" a d'fhógair an Rialtas aréir mar chuid de shrianta Leibhéal a 5. 

"Ó tharla go mbím ag scríobh an t-am uilig, níl mé ag iarraidh an oiread sin comhluadair. Ach an té nach bhfuil sin aige, déarfainn go mbeadh sé an-deacair orthu ar fad ar fad. Ní féidir a bheith ag breathnú ar an teilifis an t-am ar fad.

Ach tá daoine uaigneach agus mholfainn d'éinne nach bhfuil a bholgán beag tacaíochta aige cheana féin cúnamh a lorg.

Airíonn tú go bhfuil tú ag cur isteach ar dhaoine eile agus go bhfuil a gcuid fadhbanna agus a gcuid cúraimí féin acu ach éinne atá ina aonar nó uaigneach ... is dóigh liom gur cheart dóibh cúnamh a lorg, labhairt le ceann de na coistí ar an mbaile."