Inniu Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Neamhord Forbartha Teanga. Cuireann an neamhord seo isteach ar fhorás acadúil an duine óig agus áirítear é a bheith ar 7% de leanaí an domhain. Cé gur mór an méid é sin, níl Neamhord Forbartha Teanga i mbéal an phobail.
Tá riachtanais mhóra teanga, urlabhra agus tuisceana ag gach duine óg.
Téann roinnt leanaí chun cinn go gasta ach bíonn cúnamh sa bhreis ag teastáil ó roinnt eile. Tá leanaí a bhfuil Neamhord Forbartha Teanga ag dul dóibh sa dara grúpa seo.
Deir an teiripeoir urlabhra Neasa Lehane nár tugadh aitheantas idirnáisiúnta don neamhord go dtí 2017:
"Is neamhord é a fhanann faoi cheilt. Cuireann sé isteach ar chumas leanaí teanga a thuiscint agus a úsáid go sóisialta. Ach ní bhaineann sé le neamhoird eile ná le heaspa cumais intleachtúil. Mar sin, go minic ní bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil an neamhord seo ar leanaí."
Ní le haonteangóirí amháin a bhaineann an neamhord. Bíonn sé ag dul do leanaí ilteangacha ina gcuid teangacha ar fad freisin.
Tá Neamhord Forbartha Teanga ar Robert Mockler, dhá bhliain déag, a bhfuil cónaí ar i dTeach Sagard in iardheisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá an Lá Feasachta Idirnáisiúnta á cheiliúraadh aige féin agus a mháthair Brenda. Tá amhras ar Brenda, áfach, faoina bhfuil i ndán do Robert:
"Bhí an-imní orainn nuair a bhí Robert sé bliana d'aois nuair a fuair muid an t-eolas go raibh an neamhord seo air. Ach faoiseamh a bhí ann, ar bhealach, mar ar a laghad bhí cinnteacht againn. Tá dul chun cinn suntasach déanta aige sa bhunscoil. Ach tá imní orainn faoin am atá le teacht mar níl fáil ar na seirbhísí sa tír seo sa mheánscoil."