Tá an comhlacht seachadta beartán DPD le 700 post nua a chur ar fáil in Éirinn as seo go deireadh na bliana.

Is i gceannáras an chomhlachta i mBaile Átha Luain a bheas 150 de na hearcaigh nua bunaithe.

Beidh an 550 duine eile bunaithe idir an 36 ionad réigiúnach atá ag DPD ar fud na tíre. 

Tá an comhlacht le €2 mhilliún a infheistiú ina gcuid córas sórtála agus seachadta freisin. 

Deir DPD go raibh fás 800% níos túisce i mbliana ar an méid earraí leictreacha a bhí siad a sheachadadh mar gheall ar an ngéarchéim sláinte. 

Bhí fás 300% ar sheachadadh bia peataí fás 225% ar threalamh spóirt.