Ba chóir don Bhreatain fáil faoi réir chun imeacht as an Aontas Eorpach gan socrú a dhéanamh faoin gcaidreamh a bheas ag an dá thaobh le chéile san am atá le teacht, a dúirt an Príomh-Aire Boris Johnson. 

Thug sé le fios go ndéanfadh an Bhreatain de réir na hAstráile, mura n-athródh an tAontas Eorpach an modh oibre atá acu sna cainteanna margála. 

Bhí foláireamh tugtha aréir ag ceannairí an Aontais Eorpaigh go gcaithfeadh an Bhreatain géilleadh ar cheisteanna áirithe dá mbeadh rún acu teacht ar chomhaontú.

Dúirt príomh-idirbheartaí na Breataine David Frost, áfach, go raibh an-díomá air faoin bhfoláireamh seo. 

Tá cearta iascaireachta ar cheann de na cnámha spairne. 

Inné, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcaithfí pobail iascaigh ar chósta na hÉireann a chosaint in aon socrú trádála.