Tá cosc ar dhaoine cuairt a thabhairt ar thithe a chéile - gairdíní san áireamh - i ngach áit sa tír ó mheán oíche aréir faoi thuairim líon na gcásanna den choróinvíreas a laghdú.

Is cosc ginearálta ar bhóthántaíocht agus airneán atá i gceist ach tá eisceachtaí ann. 

Tá cead fós dul ar cuairt chuig daoine atá ar lagchuidiú agus chuig daoine atá ina gcónaí ina n-aonar, is cuma óg aosta iad. 

Tá srianta sóisialta agus tráchtála Leibhéal 4 curtha i bhfeidhm ó mheán oíche chomh maith sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán.

Sna trí chontae sin, tá siopaí agus seirbhísí "neamhriachtanacha" dúnta go dtí 10 Samhain ar a laghad. 

Tá cead i gcónaí ag bialanna agus tithe ósta seirbhís taobh amuigh a chur ar fail. Is féidir leo freastal ar chúig dhuine dhéag ar a mhéid ag aon am amháin. 

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Dr Tony Holohan, gur suaithní go bhfuil an coróinvíreas sa tír seo imithe as cailc. 

D'iarr sé ar dhaoine arís eile an chuimilt a bhíonn acu le chéile a laghdú. 

Tá 241 duine san ospidéal le Covid-19 faoi láthair, 29 díobh san aonad dianchúraim.

Tá an aicíd tolgtha ag 206.7 duine as gach 100,000 le coicís. Dhá mhí ó shin, 16.9 duine in aghaidh gach 100,000 a bhí ann.