Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcaithfear pobail iascaigh ar chósta na hÉireann a chosaint in aon socrú trádála a dhéanfar leis an mBreatain.

Mhaígh an Taoiseach go bhfuil sé ar leas gach taobh teacht ar shocrú.

Ar a bhealach chuig cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, dúirt Micheál Martin go bhfuil idirbheartaíocht dheacair le déanamh fós ach gur breá atá gach taobh ag réiteach le chéile faoi láthair.

Bhagair Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson tarraingt amach as na cainteanna mura mbeadh margadh déanta in am don chruinniú mullaigh.

Dúirt a urlabhraí aréir, áfach, nach ndéanfadh sé cinneadh faoina chéad chéim eile go dtí go mbeadh an cruinniú thart oíche amárach. 

Tá an Taoiseach le casadh le hUachtarán na Fraince Emmanuel Macron roimh an gcruinniú le ceist na hiascaireachta a phlé.