Fógraíodh tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 1,205 cás nua ann. Seo an líon is mó cásanna in aon lá amháin ó tháinig an donacht chun na tíre seo.

Fágann sé go bhfuil 1,838 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 46,429 duine ó thús na paindéime. 

Dearbhaíodh chomh maith go bhfuil ardú ábhalmhór tagtha ar an ráta seachtainiúil.

6,383 cás a tuairiscíodh le seachtain i gcomórtas le 3,514 i gcaitheamh na seachtaine roimhe sin. Sin ardú 82%. 

I mBaile Átha Cliath atá 288 den 1,205 cás nua, tá 173 cás i gCorcaigh, 123 i gCo na Mí, 97 i nGaillimh, 63 sa Chabhán agus tá an 461 cás eile roinnte idir na contaetha eile. 

Tá 71% de na cásanna nua faoi bhun 45 bliain agus 34 atá san aois airmheánach.

Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil ceathrar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 763 cás nua ann.

Fágann sé go bhfuil 606 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 23,878 duine ann.