D'fhógair na húdaráis sláinte sa Tuaisceart tráthnóna go bhfuil ceathrar eile básaithe le Covid-19 ansin agus go bhfuil 763 cás nua ann.

Fágann sé go bhfuil 606 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 23,878 duine ann.

Bhí 6,394 cás den ghalar sa Tuaisceart le seachtain. 

Tá srianta breise le cur i bhfeidhm ó thuaidh i bhfianaise an ardaithe ar líon na gcásanna. 

Druidfear scoileanna ar feadh coicíse ón Luan seo chugainn. 

Dúnfar tithe ósta ó amárach agus ní bheidh cead ag daoine suí i mbialanna.

Beidh cead fós bia a sheachadadh nó féadfaidh daoine bia a bhreith leo.