Tá cead fós ag ceardaithe obair i dtithe cónaithe ainneoin na srianta nua Covid-19 a d'fhógair an Rialtas aréir. 

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris cé go bhfuil cead ag léithéidí díonadóirí, leictreoirí, péintéirí agus pluiméirí leanacht ag obair i dtithe cónaithe nach mór dóibh oiread a dhéanamh agus is féidir le hiad féin agus daoine eile a chosaint. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire Harris gur chóir neart aeir a ligean isteach i dtithe agus an obair ar bun. Ba chóir do lucht ceirde agus do lucht cónaithe an tí araon cumhdach éadain a chaitheamh freisin, a dúirt sé.

D'iarr sé ar fhostóirí chomh maith a bheith móraigeanta agus deis a thabhairt do dhaoine obair ón mbaile nuair is féidir leo. 

Mhaígh an tAire Harris go raibh a lán daoine ag obair ón mbaile ag tús na paindéime ach go bhfuil sé tugtha faoi deara aige go bhfuil líon na gcarranna ar na bóithre méadaithe le gairid. 

Tá cead fós ag marglanna fanacht ar oscailt d'éis na srianta nua. 

Ceannaitheoirí amháin a ligfear isteach sna marglanna. Caithfidh díoltóirí a gcuid beithíoch a fhágáil taobh amuigh agus imeacht leo arís.