Tá Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann míshásta nach ndeachaigh an Rialtas i gcomhairle le gnóthóirí sular cinneadh srianta Leibhéal 4 a thabhairt isteach i dtrí chontae teorann. 

Os a choinne sin, tá an eagraíocht sásta go bhfuil cead ag raon leathan gnóthas fanacht ar oscailt faoi na srianta breise, láithreacha tógála ina measc. 

D'fhógair Ryanair go bhfuil siad lena mbunáiteanna in Aerfort Chorcaí agus Aerfort na Sionainne a dhruidim don gheimhreadh mar gheall ar easpa éilimh. Tá bunáit an chomhlachta i gcathair Toulouse i ndeisceart na Fraince le dúnadh leis. 

Dúirt príomhfheidhmeannach Ryanair Michael O'Leary gur danaid leo an cinneadh ach nach raibh an dara rogha acu. 

Thug sé fios nach mbeadh an scéal chomh dona dá nglacfadh an Rialtas le moltaí nua an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí taistil. 

De réir na moltaí seo, rangaítear sábháilteacht tíortha éagsúla de réir líon na gcásanna Covid-19 in aghaidh gach 100,000 duine.