613 cás nua agus 10 mbás eile a cuireadh in iúl don Roinn Sláinte inniu.
Fuair 8 as an 10 sin bás roimh Mheán Fómhair 2020, agus baineadh duine amháin de líon na mbás.
Fágann sin gur 1,810 é líon na mbásanna agus 37,668 é líon na gcásanna iomlána de Chovid-19 sa Stát.
Deir an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach an Dr Rónán Glynn gur léiriú iad na figiúirí inniu agus le seachtain ar ‘géarú suntasach’ ar chásanna Covid-19 in Éirinn.
Molann sé go láidir do dhaoine os cionn 70 bliain agus do dhaoine atá goilliúnach de bharr chúrsaí sláinte, an líon daoine a mbuaileann siad leo a choinneáil chomh híseal is féidir, gan dul thar ghaolta garide nó cúramóirí nó dlúthchairde.
Freisin, mhol sé dóibh gan mórán ama a chaitheamh leo seo agus fanacht siar go fisiciúil uathu.
As na 613 cás nua:
315 | fir |
294 | mná |
68% | faoi 45 |
30% | ráigeanna nó tras-seoladh pobail |
Seo é dáileadh réigiúnach na gcásanna:
224 | Áth Cliath |
58 | Dún na nGall |
46 | Corcaigh |
44 | Cill Dara |
31 | Luimneach |
28 | Laois |
21 | Ciarraí |
19 | Gaillimh |
17 | An Clár |
13 | An Mhí |
12 | Lú |
12 | Muineachán |
9 | Uíbh Fhailí |
9 | Tiobraid Árann |
9 | Cill Mhantáin |
8 | An Cabhán |
8 | Loch Garman |
7 | Ceatharlach |
7 | Ros Comáin |
7 | Sligeach |
6 | Maigh Eo |
5 | Cill Chainnigh |
5 | An Iarmhí |
7 | 3 chontae |
Léiríonn na figiúirí is deireanaí don ráta minicíochta 14-lá go bhfuil an ráta don Stát agus do chontaetha ar leith ag ardú. Seo é an meánlíon cásanna in aghaidh gach 100,000 den daonra:
An Stát | |
18/9 - 1/10 | 100.9 |
Mí ó shin | 32.7 |
Tá 5 chontae os cionn an ráta náisiúnta anois:
Dún na nGall | 233.1 |
Muineachán | 172.2 |
Áth Cliath | 168.2 |
Ros Comáin | 134.8 |
An Longfort | 119.9 |