Tá sé ráite ag Déan Chúirt Eaglasta Canterbury i Sasana, Morag Ellis go bhfuil seans maith go n-éireoidh le hachomharc atá iarrtha ag clann Margaret Keane.

Baineann sé le diúltú Eaglais Shasana scríbhinn i nGaeilge a cheadú ar leac a huaighe i Coventry.

In eagarfhocal de chuid nuachtán an 'Times' i Sasana inniu, deirtear nár chóir gur i mBéarla amháin a bheadh an scríbhinn ar leachtanna uaighe, de bhrí go dtrasnaíonn an Chríostaíocht teorainneacha náisiúnta agus de bhrí gur cuid bhunúsach de stair na Breataine atá sa Chríostaíocht Cheilteach.

Tá sé dhá bhliain anois ó fuair Margaret Keane, as Éirinn ó dhúchas, bás i Coventry i Sasana.

Bhí aithne mhór uirthi i measc phobal Chumann Lúthchleas gael agus an phobail Éireannaigh i Sasana.

Ba mhian lena teaghlach an scríbhinn 'Inár gcroíthe go Deo' a chur ar leac a huaighe ag reilig ag Teach Pobail St. Giles in Exhall in aice le Coventry.

Dhiúltaigh Seansailéir de chuid Eaglais Shasana don iarrtas seo de bhrí a dúirt sé 'go bhféadfaí dearcadh ar an scríbhinn mar mhana polaitiúil'.

Tá an teaghlach ag fanacht anois le dáta do éisteacht ar achomharc a ceadaíodh dóibh.

Idir an dá linn, tá aird mhór tarraingthe ag an chonspóid.

Tá nuachtán 'Times' Shasana ag tabhairt a dtuairim faoin chás inniu, ag rá nár chóir gur i mBéarla amháin a bheadh an scríbhinn ar leachtanna uaigh.

Deir an nuachtán go dtrasnaíonn an Chríostaíocht teorainneacha náisiúnta agus de bhrí gur cuid bhunúsach de stair na Breataine atá sa Chríostaíocht Cheilteach, go raibh sí ann i bhfad roimh an Bhéarla.

Ainneoin nach bhfuil dáta socraithe go fóill don achomharc dúirt an Déan ar Chúirt Áirsí Chanterbury a bheas ag éisteacht an cháis, gur sochaí il-chultúrtha agus il-eitneach atá sa Bhreatain agus go bhfuil cuid mionlach tábhachtach de theaghlaigh ar mhaith leo go gcuirfí san eaglais Anglacánach iad, nach é an Béarla a dteanga nádúrtha searmais.

Deir an Déan, Morag Ellis go bhfuil seans maith go n-éireoidh leis an achomharc

Inné, dúirt iníon le Margaret Keane go bhfuil siad ag tnúth leis an chinneadh ach gur ualach mór bróin agus struis atá sa phróiseas uilig ar an teaghlach, ach nach raibh uathu ach a máthair a chomóradh i nGaeilge.