Tá 2 loch i gceantar Charna in iarthuaisceart Chonamara le cuardach go luath féachaint le teacht ar Barbara Walsh, bean áitiúil atá ar iarraidh le 35 bliain.

An Bleachtaire Sáirsint, Colm Mac Donnachadha a thug sin le fios inniu.

Is eisean an té atá i gceannas ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ina leith seo.

33 bliain d'aois a bhí Barbara Walsh, a d'imigh gan tásc ná tuairisc i 1985.

Ní fios cá ndeachaigh sí.

Tá impí déanta ag iníonacha Barbara Walsh ar aon duine sa phobal a bhfuil aon eolas aige maidir lenar tharla teacht chun cinn.