Tá 390 cás breise inniu de Covid-19 sa Stát.

Tá 209 díobh sin bainteach le Co.Bhaile Átha Cliath.

Níl aon duine básaithe de bharr an víris le 24 uair a' chloig.

Sin de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte.

An Príomh-Oifigeach Leighis Gníomhach, An Dr Ronan Glynn ag preasagallamh tráthnóna

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an choicís atá romhainn, cinniúnach, i dtaca le leathadh an víris seo a chosc.

Tá 220 cás breise ó thuaidh den teorainn.

Níl aon duine básaithe ansin de thoradh an choróinvíris