Tá chuile chosúlacht air go seasfaidh an Ríocht Aontaithe go dlúth lena reachtaíocht i dtaca leis an Bhreatimeacht agus a haistharraingt ón Aontas Eorpach.

Sin a thug ionadaí ón Aontas Eorpach,Maros Sefcovic le fios tráthnóna.

Bhí Leas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe a bhí aige sa Bhruiséal le h-eadránaí Rialtas na Breataine ar chainteanna Brexit, Michael Gove.

Michael Gove, a raibh cruinniú 'dearfach' aige tráthnóna sa Bhruiséal

Teastaíonn ón Aontas Eorpach go dtarraingeodh an Bhreatain siar an chuid is conspódí den Bhille Margadh Inmheánach, mar a dúradh go bhféadfadh sé an-damáiste a dhéanamh do chúrsaí trádála i dTuaisceart Éireann agus do Chomhaontú Aoine a'Chéasta.

Dúirt an tUasal Sefcovic go raibh a chruinniú le Michael Gove dearfach, ach go raibh go leor fós le déanamh má bhí aon rath le bheith ar an idirbheartaíocht.