Dúirt an Príomh Oifigeach Gníomhach Leighis, an Dr Ronan Glynn gur in olcas a rachaidh cásanna de Covid-19 sa tír 'mura ngníomhaíonn gach duine agus eagraíochtaí ar mhaithe le leathadh na paindéime seo a chosc'.

Ní raibh líon na gcásanna chomh hard sa tír le 5 mhí is a bhí inné, de réir na bhfigiúirí.

Tuairiscíodh gur tholg 430 duine an víreas sa Stát in imeacht 24 uair a' chloig.

Líon na gcásanna ag ardú

D'iarr Ronan Glynn arís ar theaghlaigh srian a chur le líon na ndaoine a mbuaileann siad leo.

Tá go leor tuairiscí ag teacht chun cinn sna meáin le gairid faoi ghrúpaí daoine ag bailiú le chéile i gceantair éagsúla, beag beann ar shrianta agus comhairle an Rialtais.

Thacaigh Cathaoirleach ar choiste comhairleach Chumann Dochtúirí Éireann, An Dr Clive Kilgallen le ráiteas Ronan Glynn, ag rá gur theastaigh iarracht láidir ó gach duine ionas nach dtiocfadh an córas sláinte faoi bhrú sna hospidéil.

De réir na bhfigiúirí faoi láthair, níl aon bhrú mór ag teacht ar ospidéil; 108 cás atá dearbhaithe in ospidéil an stáit thar oíche deirtear.

Tá an baol anois go bhféadfaí srianta leibhéal a 3 a chur i bhfeidhm ar 4 chontae eile, siad sin Corcaigh, Gaillimh, An Lú agus Cill Mhantáin.

Gardaí i mbun phointe seiceála i gCo.Bhaile Átha Cliath

Tá an tSeirbhís Éigeandála Shláinte Phoiblí (NPHET) ag coinneáil súil ghéar ar chásanna sna contaetha sin.

2 chontae go dtí seo atá i leibhéal a 3; Dún na nGall agus Baile Átha Cliath.

.