Tá institiúidí 3ú leibhéal na tíre le cur faoi shrianta Covid-19 an rialtais ag Leibhéal 3. Tá iarrtha ag an Aire Breis agus Ard-Oideachais, Simon Harris go gcuirfeadh na hinstitiúidí ar fad a gcuid teagaisc ar fad ach obair saotharlaine ar fáil arlíne.

Leanfar le cúrsaí taighde agus fanfaidh leabharlanna sna coláistí agus sna hollscoileanna oscailte. 

Dúirt an tAire Harris go bhfuil na cupla seachtainí seo romhainn, thar a bheith tábhachtach ó thaobh sláinte an phobail de.