Dúirt an Taoiseach Micheál Martin, go bhfuil an baol ann go gcuirfeadh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála don tSláinte Phoiblí (NPHET) comhairle ar an rialtas srianta áitiúla a chur i bhfeidhm i gCathracha Corcaí, Phort Láirge, Luimnigh agus na Gaillimhe, áiteanna atá luaite go láidir le hardú i líon cásanna Covid-19. 

Ag labhairt dó i gCorcaigh inniu, dúirt an Taoiseach go raibh an-imní ar NPHET faoin méadú atá faoin ngalar sna ceantracha seo. 

Tá sé tugtha le fios ag an bPríomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Dr Ronan Glynn don Taoiseach go bhfuil ardú leanúnach ar an méid cásanna den víreas corónach i gCorcaigh. 

Caithfear a chinntiú go dtiocfar roimh scaipeadh an víris sna cathracha seo atá i mbaol a duirt sé. Is i lámha na ndaoine atá sé scaipeadh an víris a chur faoi chois, a thug an Taoiseach le fios.