Tá sé tugtha le fios ag an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte go bhfuil an meánráta cásanna Covid-19 i nDún na nGall níos airde anois ná mar atá sé i mBaile Átha Cliath.

De réir na bhfigiúirí, tá 148.2 cás in aghaidh 100,000 daonra i nDún na nGall anois i gcomparáid le 144.5 cás in aghaidh 100,000 daonra i mBaile Átha Cliath. 

Tá an chéad meánráta eile is airde i gCo an Lú, áit a bhfuil 107.8 cás Covid-19 in aghaidh 100,000 daonra. I bPort Lairge tá an ráta anois ag 86.9, Cill Mantáin ag 74.4 agus 62 i Ros Camáin in aghaidh 100,000 daonra. 

Go logánta, tá an meánráta is airde in aon toghcheantar sa tír i Srath an Úrláir/Leifear mar a bhfuil 336 cás in aghaidh 100,000 daonra.

Trasna na teorann, is sa tSraith Bán agus i gcathair Dhoire atá an líon is airde cásanna. 

De réir Lár-Ionad Smachta Galair na hEorpa, tá Éire anois ag meánráta 14 lá 74.1 in aghaidh 100,000 daonra. 

Sa Bhreatain tá an ráta céanna ag 87.4 fad agus atá an ráta is airde san Eoraip sa Spáinn le 318.7 cás in aghaidh 100,000 daonra. 

Is sa Laitvia atá an ráta is ísle san Eoraip, le 7.6 cás in aghaidh 100,000 daonra.