Tá sé ráite ag úrlabhraí de chuid Choimisiún na hEorpa, go bhfuil sé i gceist ag an Choimisiún achomhairc a thógaint chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar rialú a rinne siad faoi chúrsaí cánach an chomhlachta Apple in Éireann. 

D'éirigh le dúshlán cúirte a thug Apple agus rialtas na tíre seo i gCoimisiún na hEorpa cheithre bliana ó shoin maidir le rialú cánach a raibh luach €13.1billiún leis. 

Bhí go meánoíche anocht ag an gCoimisiún lena gcinneadh faoin achomharc a dhéanamh.