Tá fear amháin gafa ag póilíní i ndiaidh eachtra inar gortaíodh beirt in ionsaí scine in aice leis an láthair ina mbíodh oifigí an fhoilseacháin chonspóidí Charlie Hebdo. 

Gortaíodh duine amháin go dona ach ceaptar nach bhfuil beatha an té sin i mbaol. 

Gabhadh an té a bhfuil amhras faoin ionsaí, in aice Place de Bastille. Bhí sé fógartha níos túisce ag Phríomhaire na Fraince, Jean Castex gur gortaíodh ceathrar san ionsaí, beirt acu go dona. 

Dúirt sé le h-iriseoirí gur tharla an eachtra os comhair iar-oifigí an fhoilseacháin san 11ú ceantar nó arrondisement, in oirthear na cathrach. 

D'fhág sé an ócáid ag a raibh sé ag freastal i dTuaisceart na cathrach le dul chuig lárionad na géarchéime sa Roinn Gnóthaí Inmheanaigh.