Tá comhairleoirí Chontae an Chláir tar éis tacú an tseachtain seo le rún go gcuirfí bac iomlán ar úsáid bhréagáin inséidte ar thránna agus locha an chontae sin.

B'í méara an chontae, an comhairleoir Mary Howard a mhol an rún agus aontaíodh d'aonghuth leis an rún. Dúirt an comhairleoir Howard go raibh an iomarca timpistí tárluithe leis na breagáin seo agus go bhfuil a n-úsáid fachta forleathan.

Thárla cúpla eachtra ar thránna an chontae sin an samhradh seo mar ar séideadh leanaí nó ógánaigh amach chun farrairge ar na breagáín. I Mí na Bealtaine scuabadh leanbh chúig bliana d'aois breis is míle amach chun farraige i gCiarrai Thuaidh ar cheann dos na breagáin inséídte.

Tharrtháíl heileacaptar an Ghárda Cósta an cailín. Dúirt Clare McGrath, atá ina h-oifigeach sábháilteachta uisce i gContae an Chláir go gcabharóidh bac le gardaí tarthála an chontae mar dá mbeadh bac i bhfeidhm le tacaíocht fo-dhlithe ná beadh aon díospóireacht maidir lena n-usáid ar na tránna.

Dúirt Roger Sweeney ón eagras Sáibháílteacht Uisce na hÉireann go raibh na breagáin seo tar éis ana chuid brú a chur ar na seirbhísí tarrthála i mbliana. De réir figuirí ón nGárda Cósta, cuireadh fios orthu ós cionn 20 babhta go heachtraí ina raibh leanaí nó ógánaigh séidthe amach chun farraige ar bhreagain inseídte.

Duirt an tUasal Sweeney muna ndeintear rud éigin fútha go leanfaidh na timpistí nó níos measa. Tá comhailre Chontae an Chláir chun féachaint ar shlite anois chun an bac a chur i bhfeidhim.