Is ag meánoíche anocht a thiocfaidh srianta leibhéal a 3 de phlean Covid-19 an rialtais i bhfeidhm i nDún na nGall.  D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna inné go raibh Dún na nGall le cur chuig leibhéal a trí mar gheall ar an ardú leanúnach atá ag teacht ar chásanna den víreas corónach sa chontae le.  

Tá an ráta maidir le cásanna covid 19 i dtréimhse 7 lá, dhá uair níos mó i nDún na nGall anois ná mar atá i gcontae ar bith eile sa tír, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. 122 duine in aghaidh achan 100,000 an ráta i nDún na nGall faoi láthair, an dara ráta is airde sa tír i ndiaidh Bhaile Átha Cliath.  

Luaigh an Taoiseach Ceantar Bardais Shrath an Urláir/Leifear ins an cur i láthair a rinne sé don tír tráthnóna inné.  Dúirt sé gur 336 duine in aghaidh achan 100,000 duine, an ráta den ghalar atá sa cheantar sin faoi láthair.  

Luadh fosta na ceantair cois teorann agus na deacrachtaí móra atá leis an ráta Covid-19 sna ceantair sin. Dúirt Micheál Martin go mbeadh sé ag plé seo leis an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire ó thuaidh le hiarracht smacht a fháil ar an víreas.  

Deimhníodh tráthnóna inné go raibh 42 cás úr den víreas i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall, an líon is mó a deimhníodh in aon lá amháin sa chontae ó thús na géarchéime.

Dúirt an Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Dochtúir Rónan Glynn go bhfuil cás amháin as achan cheithre chás faoi láthair ag tarlú do dhaoine san aoisghrúpa idir 15 bliain agus 24 bliain d'aois. Dúirt sé go gcaithfidh achan duine anois, idir óg agus aosta, iarracht a dhéanamh cloí leis na srianta ar mhaithe le daoine níos sine sa phobal a chosaint.