Casfaidh Príomhoifigeach Gníomhach Leighis na hÉireann, an Dr Ronan Glynn lena chomhghleachaí sa Tuaisceart an Dr Michael McBride inniu. Pléifear an t-árdú i líon cásanna Covid-19 i gCondae Dhún na nGall agus srianta taistil idir an dá dhlínse. 

Cuirfear srianta leibhéal 3 i bhfeidhm i nDún na nGall ó mheánoíche anocht agus súil go maolófar ar scaipeadh an víris dhá réir. 

Tá an líon is airde cásanna den víreas corónach sa tír i nDún na Gall, áit a dtuairisicítear 336 cás den aicíd in aghaidh 100,000 daonra - is measa i dtoghcheantar Shraith an Urláir agus Leifear. 

Is i nDoire agus sa tSrath Bán is measa atá an ráig trasna na teorann.  

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Teachta Dála as Dún na nGall agus urlabhraí airgeadais agus caiteachas poiblí Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh  nach raibh aon dul as ach an Condae a árdú go dtí srianta leibhéal 3.