Is féidir le daltaí iarbhunscoile clárú do scrúduithe na hArdteistiméireachta, a cuireadh ar athló de bharr an Choróinvíris, ó 09.00 Dé Luain seo chugainn. Tuigtear go gcuirfear tús leis na scrúduithe scríofa ar an 16ú Mí na Samhna. 

Tuigtear gur um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine a thionólfar na scrúduithe. Tá cead ag aon dalta a bhí cláraithe do na scrúduithe roimh sular bhuail an ráig Covid-19 an tír tabhairt faoi na scrúduithe má theastaíonn uatha, fiú má fuair siad grádanna ríofa níos luaithe an mhí seo.