Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty gur chóir do na bainc síneadh ama a chur leis an scéim atá acu aisíocaíochtaí ar mhorgáistí a chur ar cairde agus daoine fós ag fulaingt de bharr ghéarchéim an choróinvírís.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an Dochartach go mbeidh deireadh leis an scéim i gceann sé lá agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh sé d'acmhainn ag na mílte daoine tosú ag íoc arís. 

Dúirt an tAire Iompair Éamon Ryan le Pearse Doherty go mbeidh cruinnithe ag an Aire Airgeadais leis na bainc go luath agus go ndéarfaidh sé leo nach é seo an t-am le bheith ag cur crua ar dhaoine. 

Mhaígh an Rianach go bhfuil an Rialtas ag iarraidh ar na bainc an scéal a phlé lena gcustaiméirí ina nduine agus ina nduine.

An tAire Iompair Éamon Ryan

Ag labhairt do sa Dáil freisin, thug ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly le fios go bhfuil amhras air faoi chuid de na figiúirí i bplean geimhridh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a foilsíodh inniu. 

Alan Kelly TD

Mhaígh an Ceallach go bhfuil cuid de na leapacha breise a fógraíodh inniu ann cheana féin agus go bhfuiltear ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar dhaoine.