Tá 80 gluaisteán a bhfuil luach os cionn €2 mhilliún iontu tógtha ag Gardaí ón mBiúró um Shócmhainní Coiriúla ó chomhlacht díoltóireachta carranna i gCo Thiobraid Árann.

Baineann an scéal le fiosrúchán atá ar bun ag na Gardaí agus póilíní Shasana faoi bhuíon coirpeach atá bunaithe thart ar Birmingham. 

Tuigtear gur daoine de bhunadh na Liotuáine agus na Pacastáine atá sa bhuíon coirpeach. 

Creideann na Gardaí nach bhfuil sa chomhlacht díoltóireachta carranna ach áis le hairgead a sciúradh.

 Thóg na Gardaí €21,000 in airgead tirim freisin nuair a chuardaigh siad sé ionad éagsúla i dTiobraid Árainn agus i gCo an Chláir ar maidin.

Calcadh os cionn €200,000 i gcuntais bhainc chomh maith.

Tá roint daoine gafa ag na póilíní i Sasana mar chuid dá bhfiosrúcháin thall.