Tá sé tugtha le fios ag an gCoimisiún Meabhairshláinte nach bhfuil siad sásta leis an gcóras tástála Covid-19 d'oibrithe sna seirbhísí meabhairshláinte. Foras reachtúil neamhspleách atá sa Choimisiún Meabhairshláinte.

Idir Márta agus Iúil i mbliana, a mhaígh an Coimisiún, bhí an córas tástála neamhrialta agus neamhthráthúil.

D'iarr an Coimisiún go bhfeabhsófaí an córas tástála le hoibrithe agus daoine a bhaineann leas as seirbhísí meabhairshláinte a chosaint, go háirithe agus an dara ráig den aicíd ag bagairt ar an tír. 

Tá contúirt ar leith ag baint le suanliosanna in ionaid mheabhairshláinte, a dúradh, agus deis ag an gcóróinvíreas scaipeadh i measc daoine atá cruinnithe le chéile.