Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí tagtha le chéile inniu leis an treocht atá faoi scaipeadh an choróinvíris timpeall na tíre a phlé. 

Tá plé á dhéanamh ag an bhFoireann Éigeandála freisin ar an ardú ar líon na gcásanna Covid-19 i limistéir diomaite de Bhaile Átha Cliath agus ar chóir srianta breise a chur i bhfeidhm sna háiteanna sin chomh maith.

Tá imní ar na saineolaithe faoi sheacht gcontae go háirithe - Cill Dara, Cill Mhantáin, Corcaigh, Dún na nGall, Lú, Port Láirge agus Uíbh Fhailí. 

Tá imní freisin faoin ardú ar líon na ndaoine os cionn 65 bliain atá ag tógáil na haicíde.

Tá foláireamh tugtha ag na saineolaithe go mbeidh na hiarrachtaí a dhéanfar as seo go ceann deich lá leis an víreas a smachtú cinniúnach.