Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh ógánach i ndúnorgain déagóra eile le linn scliúchais i bpáirc i mBaile Átha Cliath anuraidh. Fuarthas an t-ógánach neamhchiontach i ndúnmharú.

Maraíodh Azzam Raguragui, a bhí ocht mbliana déag, nuair a sádh cúig huaire é i bPáirc Finsbury i nDún Droma i mBealtaine 2019.

D'admhaigh an t-ógánach a ciontaíodh inniu gur mharaigh sé Azzam ach mhaígh sé gur dúnorgain seachas dúnmharú a bhí ann.

Dúirt sé gur á chosaint féin a bhí sé nuair a d'ionsaigh sé é.

Ní féidir an ciontóir a ainmniú mar gheall gur mionaoiseach é. 

Dúradh le linn na trialach gur sádh Azzam nuair a thug dhá ghrúpa déagóirí aghaidh ar a chéile i bPáirc Finsbury mar gheall ar aighneas faoi rothar.