Tá foláireamh tugtha don Bhreatain ag toscaire speisialta Uachtarán Mheiriceá sa Tuaisceart gan "teorainn chrua a chruthú de thaisme" ar oileán na hÉireann. 

Bhí an toscaire speisialta Mick Mulvaney ag tagairt do reachtaíocht nua atá le tabhairt isteach ag Rialtas na Breataine maidir le socruithe trádála nuair a bheas an tír dealaithe go hiomlán leis an Aontas Eorpach.

Tá conspóid mhór tarraingthe ag an mbille nua faoi go dtagann cuid de na forálacha salach ar an bprótacal a aontaíodh ó thaobh an Tuaiscirt de.

In agallamh a rinne sé le nuachtán an Financial Times, bhí sé le rá ag Mick Mulvaney gur mhian leis an Uachtarán Donald Trump, Roinn Stáit Mheiriceá agus Comhdháil Mheiriceá uile go gcaomhnófaí Comhaontú Aoine an Chéasta agus nach mbeadh aon bhacainní idir an Tuaisceart agus an Phoblacht. 

Tá sé ráite ag iarrthóir uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh i Meiriceá Joe Biden nach ndéanfadh sé féin aon socrú trádála ar leith le Rialtas na Breataine mura gcloífidís le Comhaontú Aoine an Chéasta.