Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú go bhfuil Covid-19 tolgtha ag 114.2 duine as gach 100,000 i mBaile Átha Cliath le coicís, i gcomórtas le 59.1 duine sa chuid eile den tír.

Tá Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh ag ceann imníoch na fleisce agus an galar ar 173.4 duine in aghaidh gach 100,000 sa cheantar sin. 

Tá 77 duine san ospidéal in áiteanna éagsúla sa tír mar gheall ar Covid-19, de réir na faisnéise is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 

Tá ceithre dhuine dhéag acu san aonad dianchúraim, a dúradh. 

Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go bhfuil an ráta laethúil cásanna den ghalar ardaithe 39% le seachtain.