Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi eachtra inar gortaíodh buachaillín beag ocht mí dhéag nuair a bhuail gluaisrothar streachailte faoi chuadrothar in iarthar Bhaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Bhí an leanbh ina shuí ar an gcuadrothar a bhí ar stad in éineacht le bean nuair a bhuail an gluaisrothar iad i bPáirc Ghort na Silíní i mBaile Formaid.

Tá cóir leighis á cur ar an mbunóc in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn.

Tuigtear go bhfuil sé gortaithe go dona ach nach bhfuil aon bhaol báis air.

Gortaíodh an fear a bhí ag tiomáint an ghluaisrothair freisin agus tá cóir leighis ag dul airsean in Ospidéal San Séamas.