Pléifidh an Rialtas inniu an moladh atá déanta ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go dtabharfaí isteach srianta breise i mBaile Átha Cliath féachaint le forleathadh an ghalair Covid-19 a chosc.

Srianta Leibhéal 3 a bheas i gceist de réir mar atá leagtha amach i bplean sé mhí an Rialtas a fógraíodh Dé Máirt seo caite. 

Iarrfar ar dhaoine atá ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath fanacht sa chontae agus iarrfar ar dhaoine sa chuid eile den tír gan taisteal go Baile Átha Cliath, ach amháin le dul ag obair nó le dul chuig scoil nó coláiste.

Tá iarrtha ag an bhFoireann Éigeandála freisin nach mbeadh cead ag daoine ithe taobh istigh i dtithe ósta ná i mbialanna i mBaile Átha Cliath as seo go ceann roinnt seachtainí.

Tá na bialanna agus na tithe tábhairne ag cur go láidir ina aghaidh seo, áfach. 

Dúirt cumann ionadaíochta na mbialann go mbaineann an t-ardú ar chásanna den choróinvíreas i mBaile Átha Cliath le tithe cónaithe seachas le bialanna.

Tá alltacht orthu, a dúirt siad, go bhfuil na srianta nua molta agus gan súil ar bith acu leo.

Mhaígh siad go bhféadfadh a bhfuil molta cur as do 50,000 duine atá ag obair san earnáil i mBaile Átha Cliath.

Dúirt na tábhairneoirí nach féidir leosan aon mheabhair a bhaint as an moladh ó léiríonn na figiúirí nach bhfuil baint ach ag roinnt bheag de na cásanna is deireanaí den ghalar le tithe tábhairne a chuireann bia ar fáil. 

Tá ceannairí na bpríomheagraíochtaí spóirt le teacht os comhair Choiste Covid-19 an Oireachtais inniu, mar a dtabharfaidh siad le fios go bhfuil na milliúin euro caillte acu mar gheall ar an ngéarchéim sláinte.