Tá €22.5 milliún ceadaithe ag an Ard-Chúirt do bhuachaill ocht mbliana d'aois faoi nár éirigh le dochtúirí tabhairt faoi deara go raibh meiningíteas air tar éis dó teacht ar an saol.

Bhain damáiste thar a bheith tromchúiseach d'inchinn an bhuachalla Calum English de bharr an ionfhabhtaithe nuair a rugadh é in Ospidéal Máithreachais Ollscoil Chorcaí i mí Lúnasa na bliana 2012.

Shéan an t-ospidéal ón tús go raibh aon dliteanas orthu faoin scéal ach ghabh siad leithscéal le Calum agus lena mhuintir arú inné.

Tá máthair an linbh Linda Spillane ag iarradh ar an Rialtas an tseirbhís sláinte a leasú i bhfianaise an cháis agus tacaíocht a chur ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu.