Tá imní faoina bhfuil i ndán do cheann de na hionaid áineasa is mó a mbíonn pobal na Gaillimhe ag triall air.

Deir an comhlacht a ritheann Leisureland i mBóthar na Trá nach bhfuil dóthain airgid á thabhairt isteach leis an ionad a choinneáil oscailte.

Tugadh le fios don fhoireann ar maidin go ndúnfar an linn snámha agus an halla aclaíochta san ionad as seo go ceann roinnt seachtainí.

Tá fóirdheontas €300,000 a fuarthas ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe caite agus tuigtear nach bhfuil sé d'acmhainn ag an údarás áitiúil tuilleadh airgid a chur ar fáil.

Deir Leisurland go bhfuil súil acu an linn snámha agus an halla aclaíochta a oscailt arís amach anseo nuair a dhéanfar maolú ar shrianta sóisialta a bhaineann le Covid-19. 

Faoi láthair, níl cead ach leathchéad duine a ligean isteach san ionad.