Dúirt Maidhc Ó Curraoin ó Choiste Bhóithre Chonamara go bhfuil sé náireach an t-achar ama atá sé a thógáil tástálacha a dhéanamh ar na droichid i gCeantar na nOileáin.

Tá sé cuid mhaith de bhliain go leith, a dúirt sé, ó d'iarr an coiste soiléiriú ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi chomh sábháilte agus atá na droichid.

Glacann siad go raibh moill ar chúrsaí mar gheall ar Covid-19, a dúirt sé, ach ba chóir go mbeadh na tástálacha seo déanta agus eolas curtha ar fáil don phobal faoi staid na ndroichead.

Dúirt Maidhc Ó Curraoin go bhfuil imní ar dhaoine go bhfuil airgead mór á chaitheamh ar na tástálacha in áit a bheith ag tabhairt faoin mbunfhadhb, is é sin droichid chearta a bheadh sábháilte don phobal a thógáil.

Os a choinne sin, tá sé ráite ag an gcomhairleoir contae Dáithí Ó Cualáin ó Fhianna Fáil go gcaithfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe dul sa tóir ar thairiscintí arís le conraitheoir a fháil le tástálacha a dhéanamh ar na droichid.

Bhí an praghas a fuair siad ar na chéad tairiscintí don obair ródhaor, a dúirt an t-innealtóir sinsearach Damien Mitchell leis an gComhairleoir Ó Cualáin.

Cé go bhfuil comhlacht aimsithe leis na tástálacha a dhéanamh, teastaíonn conraitheoir a fháil le tabhairt faoi chuid eile de na scrúduithe a bheas le déanamh ar na droichid, a dúirt an Mistéalach.