Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen nach rachaidh an tAontas Eorpach siar go brách ar an gcomhaontú idirnáisiúnta maidir le himeacht na Breataine as an Aontas.

Ag tagairt a bhí sí don bhille atá tugtha isteach ag Rialtas na Breataine a fhéachann le cuid den chomhaontú sin a shárú.

Féachann an bille le cinntiú gur féidir earraí a sheoladh ón Tuaisceart go dtí an Bhreatain gan aon srianta. Sáraíonn seo prótacal a aontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain, áfach.

Dúirt Ursula von der Leyen le feisirí Pharlaimint na hEorpa inniu gur trí bliana de chainteanna a ghlac sé teacht ar an gcomhaontú agus gur cuireadh obair mhór isteach le gach uile fhocal de a chur i dtoll a chéile.

Thug sí le fios go bhfuil an comhaontú daingnithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag Parlaimint Westminster agus nach bhféadfadh an Bhreatain é a athrú ar a gconlán féin. 

Beidh cruinniú ag Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Dominic Raab le Spéicéir Theach Ionadaithe Mheirceá Nancy Pelosi i Washington inniu, mar a bpléifidh siad an tionchar a bheas ag imeacht na Breataine ar chúrsaí sa Tuaisceart.

Dúirt Nancy Pelosi an tseachtain seo caite nach mbeidh aon mhargadh trádála idir Meiriceá agus an Bhreatain má chuireann an reachtaíocht atá molta an próiseas síochána i mbaol.