Thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe le fios go bhfuil seans an-mhaith ann go dtabharfar isteach tuilleadh srianta fós i mBaile Átha Cliath faoi dheireadh na seachtaine seo mar gheall ar an ardú mór ar líon na gcásanna den ghalar Covid-19 sa réigiún.

Cheana féin, tá feidhm ó inniu le srianta breise i mBaile Átha Cliath seachas an chuid eile den tír.

Ina measc, níl cead ag níos mó ná seisear cuairt a thabhairt ar dhaoine eile agus ní mór gur seisear ón teaghlach céanna iad sin.

Dúirt an tAire Donohoe go dtiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile arís amárach agus go gcuirfidh siad tuilleadh moltaí faoi bhráid an Rialtais faoin scéal. 

Fógraíodh inné go bhfuil grúpa maoirseachta ceaptha ag an Rialtas a chuirfeas comhairle orthu feasta faoi mholtaí na Foirne Éigeandála. 

Mhaígh Paschal Dononhoe go dtabharfaidh comhairle an ghrúpa seo deis don Rialtas a machnamh a dhéanamh ar mholtaí na saineolaithe sláinte.  

Beidh an grúpa maoirseachta ag breathnú ar na moltaí agus forás agus leas na tíre trí chéile ar intinn acu, a dúirt sé. 

Dúirt sé go bhfuil an Fhoireann Éigeandála neamhspleách ar an Rialtas agus go dtabharfar an urraim chéanna agus a tugadh riamh dá gcuid saineolais ainneoin bhunú an ghrúpa nua.